Ár Ráiteas Misin
“Soláthróirí chúram leanaí a éascú ionas gur féidir leo seirbhísí cuí cúram leanaí a fhorbairt a fhreagraíonn agus a fhreastalaíonn do riachtanais chúram leanaí tuismitheoirí áitiúla agus a gcuid leanaí agus a chomhlíonann cuspóirí an Chláir Náisiúnta Infheistíochta um Chúram Leanaí 2006-2010; agus leanúint de bheith ag tacú agus ag comhoibriú le soláthróirí cúram leanaí, le tuismitheoirí agus le geallsealbhóirí ag leibhéal aitiúil”
Ár dtiomantas
Tá rún daingean ag Coiste Cúram Leanaí Chontae Chill Chainnigh caitheamh go tuisceanach, go cúirtéiseach agus go proifisiúnta leis an uile dhuine a bhíonn ag déileáil leis an gcoiste. Déanfaimid iarracht caitheamh go cóir lenár gcustaiméirí go léir agus gan idirdhealú a dhéanamh
Féachfaimid le bheith éifeachtúil agus éifeachtach i gcónaí agus sin ag plé le hearnáil an chúraim leanaí, le heagraíochtaí áitiúla agus le daoine den phobal.
Tá Coiste Cúram Leanaí Chontae Chill Chainnigh meáite ar sheirbhís inrochtana a chur ar fáil, seirbhís a bheadh ábhartha d’earnáil an chúraim leanaí i gCathair agus i gContae Chill Chainnigh. Beidh ár seirbhís á hathbhreithniú againn de shíor agus cuirfimid feabhas uirthi nuair is gá.
Bímid ar ár ndícheall ag iarraidh comhpháirtíochtaí a fhorbairt a bheadh tairbheach dúinn féin agus d’eagraíochtaí áitiúla araon.
Agus tú ag déileáil linn, féadfaidh tú a bheith ag súil, freisin go mbeidh ár n-áitribh inrochtana agus go mbeidh na hábhair a bheidh á gcur ar fáil againn bainteach le hábhar agus gur féidir teacht orthu
Aiseolas ó Chustaiméirí agus nós imeachta i ndáil le Gearáin
Beidh Coiste Cúram Leanaí Chontae Chill Chainnigh ag súil go mór le do chuid tuairimí, do chuid moltaí agus do chuid barúlacha maidir le haon ghné den tseirbhís a chuirtear ar fáil agus a chabhródh linn feabhas a chur ar chaighdeán agus ar éifeachtúlacht ár saothar
Más rud é go mbíonn tuairim nó moladh agat dúinn, nó má bhíonn gearán le déanamh agat linn is féidir teacht orainn ar na bealaí seo a leanas:
- I scríbhinn, trí chárta na dTuairimí agus na nGearán a chomhlánú agus a chur chuig an gcomhoraitheoir
- I scríbhinn, trí na foirmeacha meastóireachta a mbaintear úsáid astu ag imeachtaí oiliúna etc a líonadh isteach
- I rannóg na bhfiosrúchán ar an láithreán gréasáin
I gcás gearáin, cinnteoimid:
- Go ndéanfar an gearán a thaifeadadh agus go dtabharfar freagra air laistigh de 20 lá oibre
- Go gcaithfear leis an ngearán go cóir agus go comhsheasamhach
